Tá an sobaldráma cáiliúil Gaeilge seo suite sa nGaeltacht Conamara.
Cad é "Ros na Rún"?
Is ospidéal é.
Cad is otharlann ann?
Tá clú ar an ainmhí seo as a bheith cliste agus glic
Cad is sionnach ann?
daoine ag caint le chéile
Cad is comhrá ann?
An contae is lú in Éirinn
Cad é Contae an Lú?
Dráma grinn comhaimseartha suite i nDoire sna blianta 1994-1996 le linn na dTrioblóidí
Cad é "Cailíní Doire"
áit a ndéantar beoir
Cad is grúdlann ann?
ainmhí atá cosúil le capall beag agus cluasa fada air
Cad is asal ann?
Trua a léiríonn tú do dhuine
Cad is comhbhrón ann?
An contae is mó in Éirinn
Cad é Contae Chorcaí?
An Spás: an dúchríoch dheireanach. Is é seo turas an Réaltárthaigh Enterprise.
Cad é an Réaltaistear?
áit a ndéantar nó a ndíoltar im agus cáis
Cad is uachtarlann ann?
Feictear an t-ainmhí seo i suaitheantas Dhaltaí na Gaeilge
Cad is bradán ann?
dhá rud a bhaineann le chéile ag an am céanna trí sheans
Cad is comhtharlú ann?
An contae leis an líon is mó daoine in Éirinn
Cad é Contae Bhaile Átha Cliath?
'Sé an seó comhrá is fadmharthanaí ar domhan inniu.
Cad é "An Seó Déanach Déanach"
áit oibre, seomra saothair
Cad is ceardlann ann?
An t-ainmhí is mó ar domhan
Cad is míol mór gorm ann?
nuair atá duine amháin chomh sean leis an duine eile
Cad is comhaois ann?
Is í an Ómaigh príomhchathair an chontae seo
Cad é Contae Thír Eoghain?
Is sagart Caitliceach é agus tá sé ina chónaí i dteach paróiste ar Craggy Island in iarthar na hÉireann.
Cé hé an tAthair Tadhg
seomra mór suí (go mór mór i dteach ósta)
Cad is tolglann ann?
mamach Afracach an-mhór agus craiceann ramhar air, a mhaireann in uisce nó láimh le huisce
Cad is dobhareach ann?
duine a bhfuil tú ag obair leis nó léi
Cad is comhghleacaí ann?
Úsáidtear an t-ainm Tír Chonaill chun tagairt leis an chontae seo chomh maith
Cad é Contae Dhún na nGall?