Foirgnimh
Éadaí agus Oideachas
Tithe
Bia agus Deoch
Creideamh
100
Cé chomh minic is a bhí an margadh ar siúl san Fhóram?
Gach ocht lá.
100
Céard a chaith na pleibigh?
Chaith na pleibigh tuinneach chomh fada leis na glúine.
100
Ainmnigh an dá chineál tí a bhí ag na paitricigh.
Bhíodh teach mór acu sa bhaile agus villa faoin tuath.
100
Cad a d'ith na paitricigh dá mbricfeasta?
Arán agus cáis.
100
Ar chreid na Rómhánaigh in aon Dia amháin?
Níor chreid. Chreid siad in a lán Déithe.
200
Cad a bhí i gceist leis na hUiscerianta?
Píobáin a thug an t-uisce ó na sléibhte go lár na cathrach.
200
Céard a bhí i gceist le 'toga'?
Rud a chaith na fir saibhre thar an tuinneach.
200
Céard a bhí i gceist leis an peiristíl?
Ba é an peiristíl gairdín na bpaitriceach.
200
Cad a bhí i gceist leis an 'vomitorium'?
Nuair a bhí tú lán ag cóisir na bpaitriceach, bhí tú ábalta dul go dtí an vomitorium. Chuir sclábhaí cleite síos do scornach. Ansin chaith tú amach agus d'fhill tú ar an gcóisir chun níos mó a ithe!
200
Céard a bhí i gceist le an 'Painteon'?
Ba theampall é in ómós do Iúpatar, athair na nDéithe.
300
Maidir leis na folcadáin, céard a bhí i gceist leis an gcaladarium?
Seomra allais nó folcadáin Turcacha.
300
Mínigh an téarma 'stola'.
Séal a chaith na mná saibhre thar an tuinneach.
300
Mínigh cad a bhí i gceist leis an bhfocal 'atrium'.
Seomra i lár an tí. Bhí lochán sa lár agus poll sa díon. Líon an bháisteacht an lochán.
300
Cérbh é an 'cena'?
Príomhbhéile na bpaitriceach. D'ith siad é déanach san iarnóin.
300
Cathain a tháinig na céad Críostaithe go dtí an Róimh?
Tháinig siad i 30AD.
400
Céard a bhíodh ar siúl sa Colluseum? Cé mhéad duine a bhíodh ann?
Bhíodh troideanna gliaireachta ann. Bhíodh 80,000 duine ann.
400
Céard a d'fhoghlaim na buachaillí ag an scoil gramadaí?
D'fhoghlaim siad conas óráid a dhéanamh, mar aon le Laidin agus Gréigis.
400
Cérbh í an phríomhfhadhb a bhí ag na pleibigh?
Bhí na tithe déanta as adhmad. Mar sin, bhí a lán tinte ann.
400
Cad a d'ith na paitricigh mar shónna?
D'ith siad luchanna stuáilte!
400
Céard a bhí i gceist leis na 'catacomaí'? Cén úsáid a bhain na Rómhánaigh astú?
Ba tolláin iad faoin talamh. Chuir na Críostaithe na marbháin sna catacomaí agus chuaigh siad i bhfolach iontu freisin.
500
Cén saghas ráschúrsa ab ea an Circus Maximus?
Ba hipeadróim é. Bhíodh rásaí carbhaid ar siúl ann.
500
Céard a bhí i gceist le 'ludus'?
Bunscoil do bhuachaillí agus cailíní idir 7 agus 11.
500
Cár chónaigh na pleibigh?
Seomra amháin sna tithe sómasacha.
500
Mínigh an téarma an 'dól'? Cad a rinne na daoine leis?
Ba é an dól an gráin a thug an Rialtas do na pleibigh. Rinne siad arán agus leite leis.
500
Cérbh é Caron?
Ba é Caron an fear a thug na hanamnacha thar an Stiocs go dtí an saol eile. Chuir daoine airgead ar shúile nó i mbéal na marbhán chun íoc as.
M
e
n
u