Ainmnigh an t-úrscéal agus an t-údar
Ainmnigh an dráma agus an scríbhneoir
'Gleann Álainn' le Brian Ó Baoill
Cá bhfuil an dán 'Maith Dhom' suite?
Tá an dán suite ar an trá, san oíche
Cé hiad na príomhcharachtair sa ghearrscéal 'Katfish'?
Is iad KitiKat agus Jongreen na príomhcharachtair sa ghearrscéal 'Katfish'.
Tabhair 5 shaghas bia SUIMIÚIL
(níl cead 'sceallóga'/ 'burgair'/ 'píotsa'/ 'uachtar reoite' etc a úsáid!)
bia mara
arán donn
sailéid
mála spiosraí
ubh bruite
anraith glasraí
Ar thaitin críoch an úrscéil leat? Tabhair pointe amháin eolais.
Thaitin críoch an úrscéil liom mar is críoch áthasach é/ thit P&B i ngrá/ bhuaigh na cairde an Tóraíocht Taisce/ bhí athair P ceart go leor...
Níor thaitin críoch an úrscéil liom mar tá sé ró-áthasach/ níl sé an-drámatúil...
Déan cur síos ar dhá thréith atá ag carachtar amháin.
Seosamh: cliste/ dearmadach...
Sinéad: cliste/ cróga...
Séamus & Peadairín: dímheasúil...
An maith leat an dán 'Stadeolaíocht'? Tabhair fáth amháin.
Is maith liom an dán mar tá sé gearr/ éasca le léamh/ greannmhar/ taitníonn an téama liom...
Cad é téama an ghearrscéil 'Spás'?
Is é an teaghlach/ saol an déagóra téama an ghearrscéil
Scríobh tús ríomhphoist (4-5 abairt)
Beatha agus sláinte/ Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte/ Aon scéal agat?/ Tá nuacht mhór agam/ Fan go gcloisfidh tú faoi.../ Tá brón orm nár scríobh mé níos luaithe...
Déan cur síos ar charachtar nach maith leat.
Ní maith liom an carachtar Ó Cinnéide. Is bulaí é agus is duine gránna é. Déanann sé bulaíocht ar Pheadar, glaonn sé 'cailín' agus 'aerach' air. Ólann sé alcól agus caitheann sé toitíní, agus tá sé sin uafásach mar is déagóir é. Bhí áthas orm nuair a seoladh abhaile é.
Dá mbeifeá i do stiúrthóir ar an dráma seo, conas a chuirfeá ar an stáitse é? Tabhair trí phointe eolais.
D'úsáidfinn a lán prapaí, mar shampla...
Cheannóinn...
D'úsáidfinn buachaill ceithre bliana d'aois don charachtar Seosamh ...
D'oibreoinn leis na haisteoirí...
Scríobh síos dhá cheist a chuirfeá ar Mharcus Mac Conghail, agus na freagraí a thabharfadh sé
Conas a mhothaigh tú nuair a chaill tú an bus?
-Bhí ionadh agus frustrachas an domhain orm
Cad a bhí tú ag déanamh ag stad an bhus?
-Bhí mé ag féachaint ar mo ghuthán
Cad a chonaic tú san aip?
-Chonaic mé radharc fíos-ama den tiománaí ag féachaint orm
Déan cur síos ar thús an ghearrscéil 'Katfish'
Tosaíonn an gearrscéal seo i bhfoirm comhrá. Tá KitiKat agus jongreen ag caint ar líne. Tá KitiKat ceithre bliana déag d’aois agus tá jongreen sé bliana déag d’aois. Deir KitiKat nach raibh buachaill aici riamh. Cuireann Jongreen a lán ceisteanna uirthi faoina saol. Tá an bheirt acu mímhacánta agus ag insint bréag.
Tabhair dhá rud dearfach a bhaineann leis an teicneolaíocht
Cabhraíonn an teicneolaíocht le...
Is féidir le daoine...
Tá sé níos éasca ___ a dhéanamh...
An bhfuil tús an úrscéil suimiúil agus éifeachtach? Tabhair fáth amháin.
Tá tús an úrscéil suimiúil agus éifeachtach i mo thuairim. Tá sé drámatúil nuair atá Peadar ag rith abhaile ón scoil. Níl a fhios againn cad atá sa chlúdach litreach. Bhí ionadh orm nuair a bhí drochscéal ag tuismitheoirí Pheadair. Tá na fadhbanna sa bhaile suimiúil mar níl gach rud foirfe sa bhaile. Tá athair Daid tinn, chaill sé a phost agus tá ‘rún’ ag a tuismitheoirí. Ba mhaith liom foghlaim cad atá cearr le Daid.
Déan cur síos ar bhuaicphointe an dráma.
Tarlaíonn buaicphointe an dráma i Radharc 3, sa seomra cúirte. Déanann na déagóirí cur síos ar an eachtra. Míníonn siad go bhfaca siad Séamus agus Peadairín ag dumpáil. Ach níl na grianghraif acu mar d’fhág Seosamh a cheamara sa ghleann! Tá Seosamh ag lorg an cheamara anois. Níl an Breitheamh cinnte faoin scéal. Tugann Éamonn Beag fianaise bhréige agus tá uafás ar na déagóirí eile. Go tobann, ritheann Seosamh isteach leis an gceamara. Taispeánann sé na grianghraif don Bhreitheamh. Cailleann Séamus agus Peadairín an cás cúirte. Tugann an Breitheamh fíneáil €800 don bheirt acu. Tá áthas an domhain ar na déagóirí / tá na déagóirí ar bís.
Déan cur síos ar an mothúchán is mó sa dán 'Maith Dhom'
Gan amhras ar bith, is iad brón agus uaigneas príomhmhothúcháin an dáin seo. Tá an file ina shuí ar an trá ina aonar san oíche. Níl aon duine eile ann. Is suíomh an-uaigneach é seo. Nuair atá sé ina aonar, is féidir leis smaoineamh go domhain. Tá sé éasca machnamh a dhéanamh ar gach rud. Tosaíonn sé ag smaoineamh ar chailín a raibh sé i ngrá léi uair amháin. Ach níl sí ann anois
Cén sórt duine í Pádraigín? Tabhair sampla amháin ón ngearrscéal.
Is duine anailíseach agus machnamhach í. Tá sí ag brionglóideach agus ag smaoineamh ar a saol. Déanann sí machnamh ar gach fadhb ina saol. Mar shampla, cuireann a siblíní isteach uirthi. Briseann sí gach fadhb síos. Ansin, tuigeann sí cad atá mícheart: níl aon spás aici ina saol.
Tabhair dhá mholadh do dhaoine maidir le cúrsaí spóirt.
Mholfainn do gach duine spórt a dhéanamh go rialta/ dul amuigh faoin aer/ taitneamh a bhaint as spórt/ gan a bheith róbhuartha faoi chomórtais...
Is tusa máthair Pheadair agus chuala tú faoin eachtra ag Smuggler's Cove. Scríobh iontráil i do dhialann ag rá conas a mhothaíonn tú faoi sin.
An bhfuil téama an dráma tábhachtach sa lá atá inniu ann? Tabhair fáth amháin le do fhreagra.
Tá téama an dráma tábhachtach inniu, gan amhras ar bith. Is é an timpeallacht téama an dráma. Tá meas ag na déagóirí ar an timpeallacht agus tá siad ag péinteáil radharc álainn ag tús an dráma. Ach níl meas ag S&P ar an timpeallacht- déanann siad dumpáil go minic sa ghleann. Caitheann siad málaí bruscair in aice leis an loch, is cuma leo faoin timpeallacht agus faoin bhfíneáil €800.
Is téama tábhachtach é i mo thuairim mar déanann a lán daoine dumpáil, agus is fadhb mhór í. Tá dumpáil mídhleathach ach feicim bruscar ar fud na háite an t-am ar fad. Tá sé gránna agus níl sé go maith do na hainmhithe nó na plandaí. Caithfidh an Rialtas níos mó a dhéanamh.
Déan cur síos ar íomhá amháin sa dán 'Stadeolaíocht' AGUS conas a chabhraíonn an íomhá leis an téama a chur in iúl.
Taitníonn an íomhá 'cnaipe na haipe' liom. Tá an file ag seiceáil amchlár an bhus san aip, agus ní fheiceann sé an bus. Cailleann sé an bus. Úsáidimid aipeanna ar an bhfón gach lá. Tá an íomhá réadúil agus macánta mar sin.
Cabhraíonn an íomhá seo leis an téama- is é ‘An Teicneolaíocht’ téama an dáin seo. Cailleann an file an bus mar tá sé ag féachaint ar a fhón. Úsáideann beagnach gach duine an fón póca ag stad an bhus. Tá tionchar mór ag an teicneolaíocht ar ár saol, gan amhras ar bith.
Scríobh críoch difriúil don ghearrscéal 'Katfish'. (8-10 n-abairt)
I mo chríoch difriúil, ní thógann KitiKat fón Jongreen/ ní dhéanann sí taifead ar an gcomhrá/ ní fear meánaosta é Jongreen, is déagóir é/ glaonn Kitikat ar na Gardaí...
Scríobh alt (8-10 n-abairt) faoin gceol i do shaol.
Is aoibheann liom ceol... Is é popcheol an ceol is fearr liom... Is breá liom an banna ceoil One Direction... Chuaigh mé chuig ceolchoirm an bhliain seo caite, bhí sé dochreidte... Seinnim an pianó nuair a bhíonn an t-am agam, bíonn rang pianó agam gach Déardaoin tar éis na scoile... Éistim le ceol nuair a shiúlaim ar scoil...