Le iomaí craobh dhomhanda atá buaite aici, is í an bandornálaí is cáiliúla in Éirinn, b’fhéidir sa domhain.
Katie Taylor
Marbh le ___ agus marbh gan é.
tae
Glasra comónta a fhásann faoin talamh ibhfoirm tiúbar.
práta
Chruthaigh an siopa mór Montgomery Ward an réinfhia le srón dearg seo i 1939.
Rudolph
Uachtarán na hÉireann ó 2011 go 2025
Mícheál D. Ó hUigínn
Níl aon _______ mar do thinteán féin.
tinteán
Éiríonn Popeye láidir nuair a itheann sé na glasraí seo.
spionáiste
Scannán ina raibh buachaill óg darb ainm Kevin McCallister ag fanacht ag baile in a aonar.
Home Alone
An t-údar a scríobh an t-úrscéal Ulysses
James Joyce.
Ní neart go cur le _______.
chéile
Stuif nach gcuireann daoine in Chicago ar hotdog riamh
citseap
Is fuath leis an gcréatúr glas seo an Nollaig.
An Grinch
An t-aisteoir a rinne páirt athair Móglaí Bap sa scannán Kneecap
Michael Fassbender
Is maith an _______ súil charad.
scáthán
Itheann tú an mhilseog fuar seo sa samhradh, nó cuireann tú é ar phióg úll.
uachtar reoite
An bronntanas a fuair mé ó m'fhíorghrá ar an gcúigiú lá de Nollaig.
cúig fháinne óir