Rinne Aoife ainmhithe de na páistí. Cén ainmhithe?
éalaí
Cén spórt a raibh Setanta go maith air?
iomáint / iománaíocht
Cén caidreamh a bhí ann idir Fionn mac Cumhaill agus Oisín?
a. Athair agus mac
b. Múinteoir agus dalta
c. Col ceathracha
d. Rí agus garda
a. Athair agus mac
Cén caidreamh a bhí ann idir Finn Éigeas agus Fionn mac Cumhaill?
a. Athair agus mac
b. Múinteoir agus dalta
c. Col ceathracha
d. Rí agus garda
b. Múinteoir agus dalta
Cén ócáid a bhíodh ar siúl i dTeamhair gach bliain ar Oíche Shamhna?
Féasta
Cén uirlis a úsáid Aoife chun na páistí a chur faoi gheasa?
Slat draíochta
Cad é a úsáid Setanta chun cú Chulainn a mharú?
Camán agus sliotar
Cad é mar a bhí Niamh ag taisteal sa choill?
Ar chapall bán
Cá raibh Finn Éigeas ina chónaí?
a. i dTeabhair
b. ar bhruach na Sionnaine
c. i mBaile Átha Cliath
d. ar bhruach na Bóinne
d. ar bhruach na Bóinne
Cén uirlis ceoil a bhí ag an ghruagach?
Cláirseach
Cá mhéad bliain a chaith na páistí mar ealaí san iomlán?
Naoi gcéad (900) bliain
Cén Cúige a raibh Setanta ina chónaí ann?
a. Cúige Uladh
b. Cúige Chonnacht
c. Cúige Mumhan
d. Cúige Laigheann
a. Cúige Uladh
Cárbh as do Niamh?
As Tír na nÓg
Cén fáth a raibh a lán daoine ag iarraidh an bradán feasa a mharú?
Beidh gach rud ar eolas ag an chéad duine a bhlaisfidh an bradán
Cad é a rinneadh an gruagach gach bliain ar Oíche Shamhna?
Chuireadh sé an caisleán trí thine
Cén áit ar chaith na healaí an 300 bliain dheireanach?
a. Ar Shruth na Maoile
b. Ar Loch Dairbhreach
c. Ar an Fharraige Thiar
d. Sa tSionnain
c. Ar an Fharraige Thiar
Cé a bhí ag obair mar gharda sa chaisleán i ndiaidh bhás an chú?
Setanta / Cú Chulainn
Cén fáth ar fhág Oisín Tír na nÓg?
Bhí sé ag iarraidh a chuid cairde a fheiceáil aríst
Cén ball dena chorp a dhóigh Fionn agus an bradán á róstadh aige?
a mhéar
Cad é a tharla do dhaoine a chuala ceol draíochta an ghruagaigh?
Thit siad ina gcodladh
Cad iad na hainmneacha atá ar na páistí?
a. Aoife, Colm, Fionn, agus Aonghus
b. Fionnuala, Aodh, Fiachra, agus Conn
c. Méabh, Ailill, Cormac, agus Cumhall
d. Fionnuala, Conchúr, Goll, agus Oisín
b. Fionnuala, Aodh, Fiachra, agus Conn
Cén post a bhí ag Culann?
Gabha
Cén fáth ar athraigh Oisín ina sheanduine agus é in Éirinn?
Thit sé dena chapall / sheas sé ar thalamh na hÉireann
Cad é a rinne Fionn nuair a dhóigh sé é féin ar an tine?
Chúir sé a mhéar isteach ina bhéal (agus bhlais sé an bradán)
Cén uirlis a úsáid Fionn chun an gruagach a mharú?
Sleá